Latest News‎ > ‎

Gaelscoil Aonach Urmhumhan Abú

posted 6 Dec 2011, 08:09 by Unknown user   [ updated 6 Dec 2011, 08:09 ]

Bhi Craobh an Chontae ar siúl an Aoine seo caite, sa Ragg.  Bhí foireann peile na Gaelscoile ó Aonach Urmhumhan in aghaidh Máigh Ghlas.  Bhuamar craobh an tuaiscirt ar an 10ú lá in aghaidh Ard Chróine agus bhíomar an-sceitimíneach a bheith ag imirt sa chraobh.  Ní raibh Tommy ábalta a bheith linn ach chabhraigh Eamonn le hInez ar an taobh-líne.  Chaith an réiteoir isteach an liabhróid agus thosaigh an cluiche.  D’éirigh an lucht tacaíocht an-ghlórmhar agus níor stop siad ag screadáil go dtí deireadh an cluiche.  Bhí Dominic an-ghnóthach ag rith síos suas le ceamara ar an taobh-líne – chonaiceamar é ag titim sa phludadh uair amháin fuí, an fear bocht! Fuair a dheartháir Scott an chéad Chúl agus níos déanaí déanadh feall air.  Thóg Conor an cic soar sin agus chuaigh an liathróid thar an trasnán.  Bhí cúpla pas an-deas ansin idir Callan agus Matthew.  D’éirigh le Máigh Glas cúl agus dhá chúilin a fháil más ea roimh leath ama.  Bhí sé ag stealladh báistí agus an pháirc ina phraiseach ach ba chuma linn.  Thug Fiachra pas maith do Mhanus agus d’éirigh le Manus cúl a fháil ón taobh line a thug árdú croí dúinn.  Bhí na fóirne an-chothrom agus tapaidh agus chuaigh Maigh Glas chun cinn le dhá phointe taréis dóibh cúl agus cúilín a fháil.  Rinne Cillian agus Fiachra éacht ag cosaint agus rinne Eoghan sa chúl cúpla sábháilt íontach.  Gan ach nóimead fághta thug Conor pas do Chillian, a sheal ar aghaidh chuig Scott é, a chuir pas isteach chuig Eoin a bhí i mbéal an chúil.  Rinne Eoin an gaisce – chuir sé ar liathróid sa chúl.  Bhí an bua againn.  Sár – chluiche.  Bhíomar fliuch báite, salach agus ba chuma linn.  Bhíomar as ár meabhair le h-áthas.  An Gaelscoil Abú.

 

 

Comments